Naoi

V. Naoi.

Níor dhein Cain aithrí sa choir a bhí déanta aige. Níor iarr sé ar Dhia an gníomh a mhaitheamh do. Is amhlaidh a duairt sé go raibh an peaca rómhór agus nárbh fhéidir é ’ mhaitheamh. Ní raibh sa chainnt sin ach uabhar. Níor thoil leis é féin d’úmhlú i láthair Dé agus an aithrí ’ dhéanamh. Bhí ’ fhios aige go maith go bhféadfadh Dia an peaca do mhaitheamh do, agus nárbh é méid an pheaca a bhí ag cosc Dé ar é ’ mhaitheamh ach uabhar agus drochaigne an pheacaigh féin. Ní raibh aon chathú ná aon dólás croí air mar gheall ar an ngníomh. Dhéanfadh sé an gníomh airís dá mbeadh Abel beó airís. Gan amhras níorbh fhéidir an peaca do mhaitheamh an fhaid a bhí croí agus aigne an pheacaigh ar an staid sin. Chuir Dia cómhartha an mharaitheóra ar a éadan agus b’éigean do féin agus dá sliocht imeacht ón gcuid eile de shliocht Adaim agus cónaí ’ dhéanamh sa dúthaigh a bhí soir ón áit ’na raibh gáirdín Parathais.

Do ghluais an aimsir. Do flúirsíodh an dá shliocht go tiubh. Thug Dia d’Adam mac dárbh ainm Set. Duine naofa ab ea an mac san agus bhí a shliocht naofa. Nuair a mhéadaigh an dá shliocht do tugtí clann Dé ar shliocht Set agus do tugtí clann daoine ar shliocht Chain.

Do mhair Adam naoi gcéad agus tríochad blian. Ansan do fuair sé bás. Do tugadh do ré aithrí a bhí fada go leór. Dhein sé úsáid mhaith den ré aithrí, ach b’éigean do, sa deireadh, bás a dh’fhulag mar gheall ar a pheaca.

Do mhaireadh na daoine an uair sin ar feadh mórán céadta blian. Do mhaireadh cuid acu i ngiorracht1 do mhíle blian. Toisc saol an duine ’ bheith chómh fada agus na daoine do theacht ar an saol ana-thiubh, bhí dhá phobal mhóra daoine ar an saol i bhfad sara bhfuair Adam bás. Chimeád an dá shliocht ó chéile ar feadh roinnt aimsire, sliocht Chain agus an tsliocht eile, clann an duine agus clann Dé, mar a tugtí orthu. Ansan, fé mar adéir an Bíobla, chonaic na fir a bhí ar chlaínn Dé na mná óga a bhí ar an sliocht eile, go rabhadar ana-bhreá, agus do ghlacadar chúthu, astu go léir, mná pósta dhóibh féin, de réir a dtoile.

Ansan is ea do ghluais an t-olc. Ansan do scaoil na daoine go léir srian lena ndrochmhiantaibh go dtí gur “thruailligh gach feóil a slí ar an saol” agus ná raibh aidhm ná cuímhneamh ag éinne ar Dhia ná ar aithrí, ach gach éinne, óg agus aosta, ag tnúth agus ag machnamh ar conas a chuirfidís méid ar a n-olcas agus ar a mallaitheacht, ar conas a thiocfaidís ar gach gníomh ba mheasa ná a chéile do dhéanamh i gcoinnibh dlí Dé, go dtí gur éirigh fearg Dé chómh hárd san ’na gcoinnibh nárbh fholáir iad do dhísciú in éineacht le huisce na díleann.

Bhí aon duine amháin ar an saol, áfach, agus bhí sé dílis do Dhia agus chimeád sé é féin glan ón salachar agus ón mallaitheacht a bhí ’na thímpall sa tsaol. B’é duine é sin ná Naoi. Do labhair Dia leis an nduine sin agus duairt sé leis long a dhéanamh a chimeádfadh é féin agus a mhuíntir slán ó uisce na díleann, mar go raibh an díle le teacht ar an ndomhan mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine. Níorbh fholáir an long san a bheith mór a dóthain, ní amháin chun Naoi agus a mhuíntir do thabhairt slán, ach chun a lán de sna hainmhithibh, leis, do thabhairt slán, i dtreó go bhféadfadh a síolrach leathadh airís ar thalamh an domhain nuair a bheadh uisce na díleann imithe.

An Airc a tugadh ar an loíng sin. D’innis Dia do Naoi conas a dhéanfadh sé í, agus cad é an fhaid agus an leithead agus an aoirde ’ bheadh inti. Bhí sí chómh mór san go raibh Naoi céad blian dhá déanamh.

Chonaic na daoine an obair ar siúl. Do hínseadh dóibh cad chuige an obair; go raibh fearg Dé éirithe chómh hárd san mar gheall ar pheacaíbh na ndaoine nárbh fholáir an domhan do bhá, agus go dtiocfadh an t-uisce nuair a bheadh an long déanta.

Foclóirín

ainmhí: “animal”, with the plural ainmhithe. Pronounced /anʹi’vʹi:, anʹivʹihi/.
airc: “ark”, or áirc in the CO.
báim, bá: “to drown”.
cathú: “regret, sorrow”.
coir: “sin, crime”, pronounced /kirʹ/.
díle: “flood, deluge”, with the genitive here díleann.
dólás: “anguish, sorrow, contrition”.
flúirsím, flúirsiú: “to become abundant, multiply”.
giorracht: “closeness, nearness”. The original spelling here was giorreacht, but this appears to be a conflation of giorracht with the related word, similar in meaning, gaireacht.
leithead: “breadth, width”.
mallaitheacht: “wickedness, viciousness”.
maraitheóir: “killer”, or marfóir in the CO. Pronounced /mɑrə’ho:rʹ/.
méid: “amount”. Méid a chur ar rud, “to increase something”.
síolrach: “breed, offspring”, pronounced /ʃi:rəx/.
staid: “state, condition”.
tnúthaim, tnúth: “to yearn, long for; or to content, vie (with each other)”.
truaillím, truailliú: “to pollute, defile”.
uabhar: “pride, arrogance”, pronounced /uər/.
úmhlaím, úmhlú: “to humble”. Tu féin a dh’úmhlú, “to humble yourself”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Scéalaíochta as an mBíobla Naofa. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s