An Mhallacht agus an Gheallúint

III. An Mhallacht agus an Gheallúint.

Ba mhór é an t-olc san a dhein an duine, lena shaorthoil féin, nuair a dhein sé peaca an tsínsir. Ach dá mhéid é, bhí ní le fáil a bhí níba mhó ná é. Do bhuaigh an t-olc san ar gach maith dá raibh sa duine, ach níor fhéad sé buachtaint ar mhórmhaitheas Dé. Do cheap an namhaid go raibh an gnó go léir, saothar na sé lá, loitithe aige nuair a bhí plúr na hoibre, saorthoil an duine, loitithe aige. Níorbh fhada, áfach, go bhfeacaigh an namhaid gurbh air féin a bhí an t-olc déanta aige, agus gurbh ar a chómhacht féin a bhí lot déanta aige.

Do cuireadh ar an nduine an pionós a bhí tuíllte aige. Do díbreadh a Gáirdín Parathais an bheirt. Dúradh leis an bhfear go gcaithfeadh sé a bheatha do dhéanamh as allas a ghrua; go raibh eascaine an drochghnímh a bhí déanta aige titithe ar an dtalamh, agus gur deilgne agus sceacha a gheóbhadh sé as an dtalamh mar thoradh ar an gcuid ba mhó dá shaothar; agus go gcaithfeadh sé, sa deireadh, bás d’fháil, agus go ndéanfadh cré airís de, an chré as ar deineadh é.

Dúradh leis an mnaoi go gcaithfeadh sí bheith úmhal dá fear, agus go gcaithfeadh sí mórán pionóis a dh’fhulag ag iompar clainne agus dhá dtabhairt ar an saol agus dhá dtógaint.

Ansan duairt Dia an focal a thaispeáin don namhaid gurbh air féin a bhí an t-olc déanta aige, agus nách ar Dhia ná ar an nduine. Duairt Dia leis an bpéist:

“Toisc gur dheinis-se an gníomh so tá mallacht ort thar gach ní dá bhfuil beó. Beidh tú ag gluaiseacht ar do bholg agus ag ithe an tsalachair go deó. Cuirfeadsa namhadas idir thu agus an bhean, agus idir do shliocht agus a sliocht. Brisfidh sise do cheannsa agus beidh tusa ag faire ar a sáil.”

Salachar is ea an peaca. Tháinig an annsprid “ag ithe an tsalachair” nuair a tháinig sé ag spriocadh na mná chun an pheaca ’ dhéanamh. Chun an tsalachair sin a dh’ithe do chuaigh sé i riocht na péiste, ag gluaiseacht ar a bholg. Do dhaingnigh an mhallacht an dá ní air, ithe an tsalachair agus riocht na péiste. Tá sé ag ithe an tsalachair riamh ó shin ag spriocadh na ndaoine chun an pheaca. Is salach agus is spriúnlaithe an gnó é, gnó a thagann isteach go maith le riocht na péiste.

Nuair ’ airigh sé an focal i dtaobh sleachta na mná, agus go dtiocfadh ar an sliocht san Aon do bhrisfeadh a chómhacht féin, bhí ’ fhios aige gurbh air féin a bhí an t-olc déanta aige, an t-olc a mheas sé a bhí déanta aige ar Dhia, agus ar an nduine do chruthnaigh Dia. Bhí eólas ní b’fheárr aige ar an ní sin nuair a tháinig an chéad Domhnach Cásca agus d’éirigh an Slánaitheóir ón mbás.

Bhí bás tuíllte ag Adam agus ag Ébha ach níor leogadh don bhás teacht orthu láithreach. Do tugadh ré aithrí dhóibh. Do tugadh dóibh an ré aithrí sin de bhíthinn an tSlánaitheóra a gealladh dóibh, agus a bhí le teacht. D’airíodar an gheallúint agus do thuigeadar í go maith. Do cuireadh amach as an aoibhneas iad, agus b’éigean dóibh tosnú ar chruatan na beatha so d’fhulag. Chuireadar a dtoil le toil Dé, agus do ghabhadar le n-ais an cruatan agus d’fhuiligeadar é, mar bhí ’ fhios acu go maithfí dhóibh an peaca a bhí déanta acu, mar go ndéanfadh an Slánaitheóir ceart Dé do shásamh ann, ní ná raibh aon bhreith acu féin ar a dhéanamh.

Chrom Adam ar an talamh do shaothrú agus ar a mbeatha do bhaint as, chómh maith agus dob fhéidir é tar éis na heascaine a bhí tagaithe air.

Tháinig an chlann. Do rugadh Cain. Ansan do rugadh Abel. Do lean Cain ar shaothrú an tailimh agus bhí Abel in’ aeire ar thréad caeireach. Do thug an t-athair agus an mháthair eólas maith don bheirt ar Dhia, agus ar an aoibhneas a bhí acu féin ar dtúis; agus ansan, ar an gcuma ’nar chailleadar an t-aoibhneas, agus ar an ngeallúint a bhí tabhartha ag Dia dhóibh go dtiocfadh an Slánaitheóir. Do ghlacadar an t-eólas, ach ní mar a chéile do ghlacadar é, agus ní mar a chéile an toradh do bhaineadar as.

Foclóirín

aeire: “shepherd”, or aoire in the CO. Pronounced /e:rʹi/.
ais: “back, side, verge”. Len’ ais means “into his hands”, and gabhaim lem ais “I undertake”.
allas: “sweat”.
caíora: “sheep”, or caora in the CO. With the genitive plural caeireach. Pronounced /ki:rə, ke:rʹəx/.
dealg: “thorn”, with the plural here deilgne, where dealga stands in the CO.
grua: “cheek; brow”. As allas a ghrua, “by the sweat of his brow”.
mórmhaitheas: “munificence”.
namhadas: “enmity, hostility”, or naimhdeas in the CO.
plúr: “flour”, but also, figuratively, “the flower, the crowning glory, the choicest part”.
ré: “interval, period”. Ré aithrí, “time to repent”.
riocht: “guise”.
salach: “dirty”, pronounced /slɑx/.
salachar: “dirt, waste”, pronounced /slɑxər/.
sceach: “brier, bramblebush”, with the plural sceacha.
spriocaim, spriocadh: “to inspire”, or spreagaim, spreagadh in the CO.
tréad: “herd”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Scéalaíochta as an mBíobla Naofa. Bookmark the permalink.

One Response to An Mhallacht agus an Gheallúint

  1. Lillis says:

    Go seoigh ar fad!

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s