Funeral Oration for Eugene O'Growney

PUL’s funeral oration for the reception of the coffin of Eugene O’Growney from America. Queenstown Cathedral, September 1903.

I have decided to publish this funeral oration, despite its lurid contents, as it is a historical account of a view of Irish history by PUL. He claims the English killed off, or thought they had, every single Irishman, around 1600, and didn’t realise there were still people hiding in the mountains, and so the land was, or so they thought 100% empty for settlement. He also claims the death of as many Irishmen as possible during the Famine was an object of English policy and that the advent of the school system in Ireland in the 19th century was specifically designed to kill off the Irish language. The number of Famine deaths is given as 4m of the 9m Irish population. (Modern scholars estimate Irish deaths on from Cromwellian campaigns at around 40% of the population and deaths from the Famine at around one-eighth of the population.) Of course, one death from famine is too many, but this speech amounts to no more than the deliberate incitement of hatred in the Irish Catholic population. However, Peadar Ua Laoghaire was a man of his time and his culture. He is more interesting as a person with real passions and cultural allegiances and it would be incorrect to try to present him as anything other than an Irish nationalist.

Eugene O’Growney died in the US in 1899, and was buried there initially, but his coffin was brought back to Ireland in 1903, and PUL together with the Bishop of Cloyne and a large crowd were waiting at the harbour of Queenstown, Cork (now called an Cóbh; various other Irish names were given to this town before the mid-eighteenth century) to receive the coffin when it reached Ireland. The body was taken up to the Cathedral, where PUL delivered the oration in Irish, followed by communal recitation of the rosary.


A dhaoine muínteartha:

Táimíd go léir cruinnithe anso anocht. Cad chuige? Chun onóra ’ thabhairt do shagart mhaith. Is ceart onóir a thabhairt do mar bíodh gur ghairid a shaol do dhein sé obair mhór mhaith. Níorbh é toil Dé saol fada ’ thabhairt do. Níor tugadh do thar leath na haimsire is gnáth a thabhairt don duine ar an saol so. Ach sa méid aimsire a fuair sé dhein sé obair atá chómh mór, chómh maith, chómh rafar, chómh tairbheach, agus dá gcaitheadh sé na cheithre fichid blian dhá cur chun taisce, gan aon lá dhíobh do leogaint uaidh.

Tá cúis againn cun onóra ’ thabhairt do in éaghmais feabhas na hoibre. Nuair a chuímhnigh sé ar an obair a dhéanamh agus nuair a thug se aghaidh uirthi thug sé aghaidh ar rud a bhainfeadh stad as aon fhear eile ach as féin. Ní raibh fear eile beó ’ thabharfadh aghaidh an uair sin ar an rud gur thug sé aghaidh air.

Feicimís cad air gur thug sé aghaidh. Bhí muíntir na hÉireann go léir an uair sin, amu’ agus i mbaile, socair go daingean ar aon ní amháin. Bhí sé buailte isteach ’na n-aigne ná raibh ní ar bith ag teacht idir iad agus aon tógáilt cínn ’ fháil dóibh féin ná dá sliocht go deó, ach an Ghaelainn. Is í an Ghaelainn, dar leó, a bhí dhá gcimeád síos. Dá bhféadfaidís an Ghaelainn a chaitheamh uathu agus an Béarla ’ ghlacadh ’na hinead, bheadh an saol ar a dtoil acu. Bheidís ábalta, dar leó, ar aghaidh a thabhairt ar ghnóthaíbh an tsaeil agus ar a gceart féin a bhaint amach ins gach saghas gnótha, pé taobh ’na dtabharfaidís aghaidh nú pé aicme daoine ’ bheadh ag brú orthu. Thuigeadar go maith nár róshaoráideach an gníomh dóibh an Ghaelainn a chaitheamh uathu agus an Béarla ’ ghlacadh ’na hinead. Dá dheacracht a fuaradar an Ghaelainn a chaitheamh uathu, is ea is mó ’ tháinig fuath acu don Ghaelainn; agus dá dheacracht a fuaradar an Béarla ’ dh’fhoghlaim is ea is mó a tháinig urraim acu don Bhéarla agus dúil acu ann. B’in iad na daoine go raibh ar an Athair Eóghan Ó Gramhna a chur ’na luí orthu go raibh dearúd acu dá dhéanamh, go raibh a n-aimhleas acu dá dhéanamh, an saibhreas dob fheárr a bhí acu go rabhadar ag déanamh a gcroí díchill chun é ’ chaitheamh uathu, agus dá dtagadh leó an saibhreas san do chaitheamh uathu ar fad go mbeadh déanta acu, orthu féin agus ar a sliocht, olc ba mheasa, éagóir ba throime, leirscrios ba mífhoirtiúnaí ná mar a dhein annsmacht Shasana riamh orthu! Bhí air súile na ndaoine d’oscailt agus a thaispeáint dóibh nár fhéad annsmacht Shasana a bhaint díobh riamh ach maitheasaí corpartha, agus go rabhadar féin ag déanamh a ndíchill chun a n-aigne do chreachadh, chun a n-aigne d’fhágáilt fuar folamh. Bhí air a thaispeáint dóibh conas mar nárbh fhéidir choíche náisiún do chur fé chois i gceart go dtí go gcurfí a haigne fé chois, agus conas mar nárbh fhéidir náisiún na nGael do chur fé chois an fhaid a bheadh aigne an náisiúin fíor-Ghaelach, agus nár bhaol don aigne gan bheith fíor-Ghaelach an fhaid a bheadh an chainnt fíor-Ghaelach. Thall ’na choinnibh sin airís, bhí air a léiriú dhóibh conas mar a bheadh an lámh uachtair glan, amu’ ’s amach, ag Sasana ar Éirinn dá mbeadh an Ghaelainn imithe agus gan i mbéal an Éireannaigh ach an Béarla briste. Bhí air na nithe sin go léir do thaispeáint agus do mhúineadh agus do chur ’na luí ar a n-aigne do dhaoine go raibh a n-aigne socair acu ’na choinnibh, do dhaoine aduairt leis go tur agus go míchéatach, ná raibh aon chiall lena chainnt, gurbh fheárr ’ fhios acu féin go mór ceoca ba thairbhí dhóibh Gaelainn a bheith acu nú Béarla briste, dá olcas é, a bheith acu; gur bheag an mhaith do dhuine Gaelainn a bheith aige mar chúnamh do chun slí mhaireachtaint a dhéanamh amach do fein.

Is láidir an croí, agus is láidir an aigne, agus is láidir an scairt, a bhí ag an bhfear a thug aghaidh, lom díreach, ar a leithéid sin d’obair agus ar a leithéidí sin de dhaoine. Ní fhéadfadh sé go deó an bheart san a dhéanamh mar a mbeadh gur sprioc Dia chuige é, agus mar a mbeadh gur thug Dia an neart do chuige. Nuair ab é toil Dé é ’ spriocadh chun na hoibre bhí lámh Dé ag cabhrú leis agus mara mbeadh san ní bheadh aon mhaith ’na shaothar. Ní fheadfadh a bheith. Is amhlaidh a bhrisfeadh sé a chroi agus ’ bhrisfeadh sé a shláinte agus ’ chiorródh sé a shaol, agus sin a mbeadh de bhárr a shaothair aige féin ná ag éinne eile.

Do bhris sé a shláinte agus do chiorraigh sé a shaol, ach, moladh le Dia, tá sochar iúntach dá bhárr san againn go léir. Tá athrú aigne tagaithe ar mhuíntir na hÉireann go léir, amu’ agus i mbaile. Tá urraim tagaithe ag gach éinne don Ghaelainn. An mhuíntir a labhrann í tá an meas ceart orthu. An mhuíntir ná fuil sí acu tá a bhformhór ag déanamh a ndíchill chun greama ’ fháil airís uirthi. Tá sé daingean anois in aigne an uile dhuine againn a dheineann machnamh dleathach in aon chor ar an scéal, go rabhamair go léir ag dul ar mhullach ár gcínn amú go dtí gur iompaigh cómhairle agus teagasc agus múineadh agus saothar agus bás an Athar Eóghan ar an mbóthar gceart airís sinn. Dá bhrí sin is ea atáimíd cruinnithe anso anocht, i láthair na cónrann san, chun na honóra is dual do ’ thabhairt ó chroí don tsagart mhaith go bhfuil a chnámha sínte istigh inti.

Cad ’na thaobh, adéarfadh duine, do mhuíntir na hÉireann a leithéid de dhearúd a dhéanamh in aon chor riamh? Nár chóir go dtuigfeadh éinne, ó thosach, gurbh í an Ghaelainn an saibhreas ab uaisle a bhí ag clanna Gael lasmu’ den chreideamh? Ná raibh sé soiléir le feiscint, dá mb’é an creideamh féin é, gurbh í an Ghaelainn, i dteannta grásta Dé, do chimeád beó é i gcroí na ndaoine in ainneóin an éirligh ba dhéine, ba mhallaithe, ba dhiablaí dár himreadh riamh ar Chríostaithibh chun an chreideamh a bhaint díobh? Cad fé ndeár an dearúd mar sin? Cad a thug an tarcaisne go léir ar an nGaelainn? Go mór mór ó sna daoine gur cheart dóibh an urraim is mó ’ bheith acu dhi?

Is mó cúis a bhí ag dul chuige, a phobal. Nuair ’ éirigh muíntir Shasana i gcoinnibh dlí na hEagailse is é céad ásc a dhein uaisle agus Rí Shasana ná na mainistrí agus na coinbhintí do robáil. Thógadar le lámh láidir an talamh a bhain leis na manaigh agus leis na mnáibh rialta, agus pé ollmhaitheas eile a fuaradar in sna tithibh diaga. Ansan bhí dálta gach aon bhithiúnaigh orthu. Bhí scannradh orthu sara raghadh, le himeacht na haimsire, dlí na hEagailse i bhfeidhm ar Shasana airís, agus ansan go mbainfí díobh an talamh agus an saibhreas a thógadar le lámh láidir. Bhí ’ fhios ag na bithiúnaigh go maith dá gcurfí dlí na hEagailse i bhfeidhm airís, go gcaithfidís an saibhreas bradach d’aiseac láithreach. Thuigeadar ’na n-aigne ná beidís saor choíche ó bhaol an aisic sin a bheith le déanamh acu go dtí go mbeadh an creideamh scriosta glan acu amach a Sasana agus a hAlbain agus a hÉirinn. D’éirigh leó maith go leór i Sasana agus in Albain, ach do bhí ag teip orthu a chur ’ fhéachaint ar mhuíntir na hÉireann iompáil ón gcreideamh. Dheineadar a ndícheall le mealladh agus le tathaint agus le cimilt baise. Ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Ansan dúradar le muíntir na hÉireann a rogha ’ bheith acu, an creideamh do shéanadh nú scarúint lena gcuid saibhris saolta. Do ghlac an tÉireannach mar rogha scarúint le saibhreas saolta níor túisce ná mar a scarfadh sé le saibhreas na síoraíochta. Ní héinne amháin ná beirt a ghlac a rogha san, ach an choitiantacht go léir. Ní raibh ach fodhuine anso agus ansúd d’iompaigh. Ní bhfuair na bithiúnaigh locht rómhór ar sin. Is acu d’fhan an saibhreas a baineadh den Éireannach. Fé dheireadh thugadar mar rogha don Éireannach a chreideamh a shéanadh nú bás d’fháil. B’é an scéal céanna é. Bhí fírinne an chreidimh ródhaingean i gcrói an Éireannaigh. D’oibrigh grásta Dé róláidir ’na chroí. Ní fhéadfadh sé fírinne an chreidimh do shéanadh, pé bás a bheadh le fulag aige ar a shon. Do cuireadh na céadta chun báis. Ní raibh aon mhaith ann. Bhí Éire chómh fada ó iompáil agus ’ bhí sí riamh. Ní hea, ach níos sia, dá mb’fhéidir é. Do neartaigh dea-shompla na ndaoine a cuireadh chun báis croí agus aigne na ndaoine do fágadh beó.

Ansan is ea ’ shocraigh muíntir Shasana ar an ngníomh éirligh ba mheasa, ba mhallaithe, ba chaillte, ba dhiablaí dár dhein náisiún riamh ar náisiún eile, gníomh nár chuímhnigh págánaigh na Rómha féin ar a leithéid a dhéanamh nuair a bhíodar a d’iarraidh an chreidimh a dhísciú, i dtosach aimsire. Duairt muíntir Shasana lena chéile, ó bhí muíntir na hÉireann chómh ceapaithe sin ar bhás d’fháil níos túisce ná ’ shéanfaidís an creideamh, ná raibh aon rud dob fheárr a dhéanamh ná teacht ’na dtosach agus iad go léir do chur chun báis, gan fear, bean, ná leanbh acu d’fháil beó ar thalamh na hÉireann. Níor chainnt gan éifeacht an chainnt. Dhein Parlemint Shasana dlí chun na cainnte ’ chur i ngníomh. Do cuireadh amach armáil Shasana, dríodar Cathrach Lúndain. Do cuireadh anso anall go hÉirinn iad agus dúradh leó Éire do scuabadh ó thaobh taobh agus gan duine de shliocht Gael ’ fhágáilt beó san oileán! Do deineadh an scuabadh. Do deineadh é go dúthrachtach. Níor stad sé go dtí gur theip ar na saighdiúirí a thuilleadh daoine ’ fháil le marú. Bhí Éire folamh ó dhaoine ansan, ach pé fuíllach beag díobh a bhí i bhfolach i gcnucaibh agus i gcoílltibh. Ansan do cuireadh fógra amach dhá rá le daoine i Sasana agus in Albain go raibh an creideamh Gallda glacaithe acu agus go raibh dúil i dtalamh saor acu, teacht anall go hÉirinn agus go raibh talamh a ndóthain acu le fáil ann. Thánadar go tapaidh, ’na gcéadtaibh agus ’na míltibh. Chuireadar fúthu ar a sástacht in sna talúintibh breátha saibhre a bhí fágtha folamh i ndiaidh na ndaoine a cuireadh chun báis. Déarfadh éinne ansan go raibh an scéal ar a dtoil ag muíntir Shasana i dtaobh na hÉireann, ná raibh aon teip ná go mbeadh Éire Gallda a dóthain acu feasta, agus nár bhaol choíche airís go mbeadh aon fháil ag dlí an Phápa ar aon chur isteach a dhéanamh uirthi.

Ach bhí Dia ag féachaint ar an obair go léir. Díreach nuair a bhí an scéal socair ar an gcuma san do thit rud míorúilteach amach, rud ná raibh blúire coinne ag éinne leis. Na daoine iasachta a bhí socair ar thalamh na hÉireann in inead na ndaoine a cuireadh chun báis, tháinig aicíd eigin ghránna, choímhtheach orthu. Do thiteadar leis an aicíd sin mar a thitfeadh corrmhíola lá gaoithe. Thiteadar chómh tiubh san nár fhan slí dhóibh in sna roilgíbh agus go gcaití iad do chur fé talamh san áit ’na dtitidís. Fé dheireadh b’éigean iad ’ fhágáil os cionn tailimh, mar ní bhíodh éinne dá muíntir beó chun iad d’adhlacadh. B’é crích an scéil é gur éirigh an méid a bhí beó dhíobh agus gur theitheadar lena n-anam abhaile go Sasana nú go hAlbain, agus go raibh talamh na hÉireann folamh airís ó dhaoine.

Nuair a bhí an scéal ar an gcuma san do ráinig go raibh a lán d’oificeachaibh airm agus de shaighdiúiribh Chrumil agus a dtuarastal gan díol leó. In inead airgid a thabhairt dóibh, mar ná raibh an t-airgead ann chuige, is é rud a deineadh ná talamh na hÉireann do roinnt orthu. Ní raibh aon mhaith sa talamh dóibh. Ní raibh aon fhonn ar a bhformhór teacht chun cónaithe air. Dá bhféadfaidís an talamh do chur is é ’ thaithnfeadh leó. Níorbh fhada gur thuig na hÉireannaigh a bhí i bhfolach in sna cnucaibh go raibh iarraidh orthu. Thánadar chun solais. Do cuireadh an talamh, a gcuid tailimh féin, chúthu ar cíos. D’oibríodar an talamh agus dhíoladar an cíos. Chuir Dia an rath orthu i dtreó, tar éis an éirligh go léir chun an chreideamh do mhúchadh, go raibh, laistigh de dhá chéad go leith blian ón am san, naoi milliúin de Chaitlicíbh dílse in Éirinn. Bhí Éire chómh daingean sa chreideamh, agus dlí an Phápa chómh daingean in Éirinn, agus dá mba ná doirtfí aon bhraon fola riamh mar gheall orthu. Ní hea ach níos daingne.

Ach do chuímhnigh muíntir Shasana ansan ar sheift eile chun na nÉireannach a dhísciú. Dheineadar dlithe nár fhág ag an Éireannach aon tsaghas oibre le dhéanamh ach obair na rámhainne. D’árdaigh sin an cíos ar an dtalamh. Ba gheárr gur rug an cíos leis an uile bhlúire de thoradh an tailimh ach an práta. B’éigean an uile ghráinne den arbhar a dhíol chun an chíosa ’ dhéanamh, agus an uile bhlúire den ím. Ní raibh ag na daoine le n-ithe ach an práta. Bhí daoine tuisceanacha ann agus chonacadar contúirt. Do labhradar agus do scrío’dar go hárd agus go dian. ‘Má thagann meathlú ar an bpráta,’ ar siad, ‘beidh gorta in Éirinn agus gheóbhaid na daoine bás!’ Níor cuireadh suím ’na gcainnt. Na daoine ’ dh’fháil báis is ea ’ theastaigh ó mhuíntir Shasana. Tháinig an dubh ar na prátaí agus fuair na daoine bás ’na míltibh—fuair cheithre milliúin díobh bás!

Ansan do dhein muíntir Shasana gníomh chómh gránna díreach le gníomh Chrumil. Na daoine a bhí ag fáil bháis den ghorta do tairgeadh súp dóibh ach an creideamh do shéanadh. Ghlacadar mar rogha bás d’fháil níor túisce ná mar a ghlacfaidís an súp ar an gcoinníll sin. Do theip ar mhuíntir Chrumil an creideamh a mhúchadh le fuil. Theip ar an muíntir a tháinig ’na dhiaidh an creideamh a mhúcadh le súp. Fé dheireadh thiar thall, nuair ba léir ná déanfadh fuil an bheart, agus nuair ná deanfadh súp an bheart, bhí daoine gasta i mBaile Átha Claith agus ’ thuigeadar ’na n-aigne go mb’fhéidir go ndéanfadh feall an bheart.

Seo mar a cheapadar an feall. Bhí árd-dhúil ag muíntir na hÉireann riamh i scolaíocht. Duairt an feallaire i mBaile Átha Cliath: ‘Tabharfaimíd scoileanna dhóibh. Leogfaimíd orainn gur ar mhaithe leó é. Meallfaimíd ón gcreideamh iad leis na leabhraibh agus leis an scolaíocht.’

Do cuireadh suas na scoileanna. Tháinig an t-aos óg go léir isteach in sna scoileannaibh. Do ghluais an aimsir. Níor mealladh an creideamh uainn, ach is róbheag ná gur mealladh uainn an rud is feárr a bhí againn i ndiaidh an chreidimh, an sciath chosanta is treise a bhí againn ar ár gcreideamh lasmu’ de ghrásta Dé féin, an Ghaelainn. Deich mbliana ó shin bhí an Ghaelainn chómh himithe sin ná raibh aon tsúil ag éinne go bhféadfí í ’ chimeád beó. Bhí sí chómh himithe sin, agus bhí aigne na ndaoine curtha chómh mór san amú leis an scolaíocht Ghallda, ná raibh ach fodhuine ná déarfadh gurbh fheárr imithe í ná beó feasta. Na daoine ná raibh aon fhocal di ’na mbéal acu, bhí móráil orthu mar gheall air. Na daoine go raibh sí acu, ní admhóidís í.

Nuair a bhí an scéal ar an gcuma san, is ea ’ chuir Dia i gcroí an tsagairt sin go bhfuil a chnámha ansan sínte sa chónrainn sin os ár gcómhair anocht, éirí agus aghaidh a thabhairt ar an nGaelainn agus í ’ shaothrú agus gan leogaint di imeacht ar fad as an saol. D’fhreagair sé an ghlao. Thug sé aghaidh ar an obair. Obair mharaitheach ab ea í. Ba gheárr gur luigh sé ar a shláinte. Níor staon sé. Do bhris sé a shláinte. Níor staon sé. Níor staon sé choíche go dtí gur mhairbh an obair é. Thuig sé in’ aigne cad é an saibhreas a bheadh caillte ag Éire dá n-imíodh an Ghaelainn. Thuig sé in’ aigne nár cheart trácht in aon chor ar anam duine i gcúmparáid leis an saibhreas san.

Táimíd cruinnithe anso anocht chun onóra a thabhairt do mar gheall ar an obair a dhein sé agus chun onóra ’ thabhairt do Dhia na glóire a chuir ’na chroí an obair a dhéanamh. Gan amhras tá a thuarastal go maith aige anois ó Dhia in sna flaithis, ach ’na thaobh san ní miste dhúinn guí len’ anam agus a iarraidh ar Dhia sólás agus suaimhneas síoraí ’ thabhairt do.

Sara scaraimíd, measaim gur ceart dúinn ár mbaochas a ghabháil go dúthrachtach leis na fir mhaithe a thóg a chnámha as an uaigh thall ar an dtaobh eile den chruinne agus ’ thug leó anall anso iad go talamh na hÉireann, thar na mílte míle tíre agus thar na mílte míle uisce, chun iad do chur ’na luí i gcré bheannaithe na hÉireann ag feitheamh le haiséirí.

Go dtugaidh Dia bás naofa agus aiséirí ghlórmhar dúinn go léir!

Tar éis onóra ’ thabhairt do Dhia; tar éis onóra ’ thabhairt don tsagart so a thug a anam ar son na hÉireann; tar éis onóra ’ thabhairt do sna fearaibh maithe a thug chúinn abhaile é, is ceart dúinn cuímhneamh ar ár ndiúité féin. Tá sé ceangailte i láthair Dé ar an uile dhuine atá ag éisteacht liom anso anocht an Ghaelainn d’fhoghlaim láithreach, mara bhfuil sí aige cheana, agus í ’ chimeád beó ’na bhéal i gcaitheamh a shaeil. Mara ndéanfar é sin níl san onóir go léir ach folús.

Abraimís go léir anois an Choróinn Mhuire pháirteach le hanam an Athar Eóghan Ó Gramhna.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s