Gáirdín Parathais

II. Gáirdín Parathais

Nuair a bhí ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair i nGáirdín Parathais agus an t-aoibhneas acu, sarar dheineadar an peaca, do thagadh Dia chun cainnte leó. Bhíodh fáilte acu roimis agus bhíodh áthas orthu nuair a thagadh sé ag triall orthu. Nuair a bhí an peaca déanta acu tháinig Dia ag triall orthu, ach ní raibh aon fháilte acu roimis. Bhí eagla acu roimis, agus chuadar i bhfolach.

Riamh ó shin, nuair a dheineann duine dhá sliocht peaca, deineann sé an rud céanna. Tugann sé iarracht ar dhul i bhfolach. Imíonn sé, chómh tapaidh agus is féidir é, agus sánn sé é féin isteach in obair éigin nú i gcómhluadar éigin a chimeádfaidh é ó chuímhneamh ar Dhia.

Do ghlaeigh Dia ar Adam agus b’éigin do freagairt. Duairt sé gurbh é cúis ’na ndeigh sé i bhfolach mar go raibh eagal air, toisc é ’ bheith nochtaithe. Gan amhras do bhí sé nochtaithe i gceart an uair sin, mar bhí grásta Dé imithe uaidh. Grásta Dé, an clúdach is breátha agus is órnáidí a dh’fhéadfadh ’ bheith ar an nduine, bhí sé bainte dhe. Níorbh iúnadh gur mhothaigh sé é féin nochtaithe agus go raibh náire air agus eagla. D’admhaigh sé gur dhein sé an peaca, ach dhein sé beart ana-lag. Chuir sé an milleán ar an mnaoi.

“An bhean a thugais-se dhom,” ar seisean, “thug sí dhom cuid de thoradh an chraínn, agus d’itheas é.”

Chuir sé an milleán ar an mnaoi, go spriúnlaithe, agus thug sé, go mallaithe, iarracht ar an milleán do chur ar Dhia féin, moladh go deó leis! Ba bheag ná go nduairt sé: “Is tu féin fé ndeár é, mar is tu féin a thug dom an bhean.”

Is minic ó shin a dhein cuid dá shliocht an rud céanna, nú rud den tsaghas chéanna. Scaoileann duine srian le feirg. Tugann sé droch-chainnt uaidh. Tugann sé masla. Tagann an eascaine agus an diamhasla as a bhéal go tiubh. Bíonn sé ag cáitheadh mhionna mór agus ag cáitheadh dhiairminí go dtí go gcritheann a gcuid fola ag an muíntir a bhíonn ag éisteacht leis. Ansan má deir éinne, “Faire fút! Is olc an béas atá agat!” Níl le rá aige ach: “Cad é mo leigheas air! Nách ’in é an meón a thug Dia dhom!” Direach mar aduairt an chéad duine úd, “An bhean a thugais féin dom is í fé ndeár é!”

Níorbh aon mhaith a thuilleadh cainnte ’ dhéanamh leis. D’iompaigh Dia chun na mná.

“Cad ’na thaobh duit é ’ dhéanamh?” ar seisean.

“Do mheall an phiast me,” ar sise.

D’innis sí an fhírinne. Ní raibh ’na cainnt, áfach, ach cuid den fhírinne. Bhí ciall agus tuiscint aici. Ní raibh aon scamall ar a haigne. Nuair aduairt an namhaid an bhréag léi ní raibh aon cheart aici an bhréag do chreidiúint uaidh. Bhí focal Dé aici i gcoinnibh na bréige. D’éist sí leis an mbréig i gcoinnibh focail Dé, agus dhein sí an bheart a bhí ceangailte uirthi i láthair Dé gan a dhéanamh. Dhein sí an peaca ar a dtugtar peaca an tsínsir. Do chuir sí ’ fhéachaint ar a fear an peaca céanna ’ dhéanamh. Sin é an tobar as ar éirigh gach olc dá dtáinig riamh ar an gcine daonna. Tabharthas uathásach ó Dhia don duine ab ea saorthoil an duine. Olc uathásach ag an nduine dhá dhéanamh ar Dhia ab ea an tsaorthoil sin d’iompáil i gcoinnibh Dé. As an olc uathásach san is ea d’fhás na huilc go léir atá tagaithe ar an nduine riamh ó shin. Dá bhfanadh toil an duine de réir toile Dé ní bheadh olc sa tsaol in aon chor. Ní bheadh teinneas ná diachair, ocras ná tart, breóiteacht ná bás sa tsaol. Ní bheidís ar an nduine, agus ní bheidís ar aon rud eile beó ach chómh beag. Is don duine, mar thabharthas, a dhein Dia gach ní eile dár dhein sé, idir bheó agus neambeó. Dhein Dia iad go léir ar mhaithe leis an nduine. Dhein Dia gan locht iad. D’fhanfaidis gan locht dá bhfanadh an duine gan pheaca. Dhein an duine an t-olc mór nuair a dhein sé an peaca. Do leath toradh an uilc mhóir sin ar gach ní dár chruthnaigh Dia don duine, agus do leath an t-olc mór féin ar an sliocht a bhí le teacht ón nduine, .i. ar an gcine daonna go léir. Sin é peaca an tsínsir.

Foclóirín

beart lag: “a poor show, an underhand move, a dishonorable deed”.
daonna: “human”. An chine dhaonna, “the human race”. [Cine is feminine in Cork Irish.]
diachair: “pain, affliction, distress”.
diairmín: “a little thing; by extension, a swear-word or expletive”. Derived from “little Diarmaid”. Diairmíní a cháitheadh, “to pour out expletives, curse freely”.
diamhasla: “blasphemy”.
eascaine: “curse, imprecation”.
féachaint: cur ’ fhéachaint, “to force or compel someone”. This would be iallach or iachall a chur in the CO. PUL uses this phrase without an intervening de, but the phrase generally occurs as cur d’fhéachaint ar dhuine rud a dhéanamh.
meón: “mind, disposition, temperament”.
mionn: “oath”. Mionna móra, “swear-words”. Note that the genitive plural is mionn in Ó Dónaill’s dictionary, and is often found as such in dar bhrí na mionn, “by all that is holy”, but the genitive plural, as here, sometimes aligns with the nominative plural.
parathas: “paradise”. Pronounced /pɑrəhəs/. Note that PUL agrees with Dinneen’s dictionary here on Gáirdín Parthais, whereas Ó Dónaill’s dictionary has lenition: Gairdin Pharthais. The epenthetic vowel is retained here, as in the original, as the combination rth does not always produce one.
piast: “worm”, or péist in the CO, where the dative has replaced the nominative. Refers here to the serpent in the Garden of Eden.
sínsear: “ancestor”, or sinsear in the CO. Note that this word can be collective in meaning while grammatically singular. A shínsear, “his ancestors”. Peaca an tsínsir, “original sin”.
spriúnlaithe: “mean, miserly”, or sprionnlaithe in the CO. Beart spriúnlaithe, “a shabby trick”.
srian: “rein”. Srian a scaoileadh le feirg, “to give free rein to anger”.
tabharthas: “gift”, or tabhartas in the CO. Pronounced /tourhəs/.
teinneas: “pain”, or tinneas in the CO. Pronounced /tʹeŋʹəs/.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Scéalaíochta as an mBíobla Naofa. Bookmark the permalink.

3 Responses to Gáirdín Parathais

  1. Gearóid Ó Laoi/Garry Lee says:

    teinneas an gnáth-fhocal ar “pain” i Músgraí, seachas pian.

  2. Bill Flynn says:

    Hello, David;
    Is it possible that he makes a clear distinction between “parthas talmhaidhe”, an “earthly” paradise and “Parthas” as “the abode of God”?
    Best regards. Bill Flynn

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s