tá bó agam á mharú

Here is another letter from PUL to Gearóid Ó Nualláin, explaining why it is incorrect in Irish to say tá bó agam á marú, despite the fact that is feminine.

Caisleán Ua Liatháin, i gCo. Chorcaí.

23-11-1914.

A Athair Gearóid, a chara,

Táid na nótaí curtha i nGaelainn agam anois chómh fada amach le Caibidil a trí den Leitir chun na bhPhilippiánach. Nuair a bheid siad go léir déanta agam, cuirfead ag triall ort iad, agus féadfair iad a chur i dteannta an text go dtí go mbeidh am agat ar an gcuid eile den Tiomna Nua do chur amach os cómhair na poiblíochta. D’fhéachas trí sna nithe beaga so a chuiris chúm. Ní bhfaighinn puínn aon locht do cheartú iontu. Tá ana-thairbhe anois ’na leithéidíbh. Taispeánaid siad ceart na cainnte, cuir i gcás, ‘Tá seasamh san aimsir.’ Táid daoine anois ag scrí’ na Gaelainne, agus is fada a bheidís ag cuardach sara gcuímhneóidís ar an abairt sin, mar Ghaelainn ar ‘There is a settled steadiness in the weather.’ Táid na ráite sin agatsa lán de choraibh beaga cainnte den tsórd san.

Tá ní beag agam le múineadh dhuit as do leitir féin. ‘Táim ag cur roinnt rudaí beaga chút,’ adeirir. Níl aon locht ar an gcainnt sin mar a sheasaíonn sí. Is uiriste d’éinne a dh’fheiscint gur tuiseal giniúnach ‘roinnt rudaí beaga’ fé chumas an fhocail ‘ag cur.’ Ach mar sin féin do rithfeadh an chainnt níos feárr ar an gcuma so, féach: ‘Tá roinnt rudaí beaga agam á chur chút.’ Dá mbeadh ainmniú fada ar ‘an roinnt rudaí beaga’ chífá féin gur saoráidí go mór an chuma san adeirim ná an chuma eile. Féach—‘Táim ag cur caíora agus bó agus gamhain baineann agus uan atá dhá mhí d’aois chút.’ Tá cheithre focail déag ansan sa ní atá ’na thuiseal giniúnach! Féach féin gur saoráidí go mór a ritheann an chainnt ar an gcuma so: ‘Tá caíora agus bó agus gamhain baineann agus uan atá dhá mhí d’aois agam á chur chút.’ Nú mar seo eile: ‘Tá caíora agam á chur chút, agus bó agus gamhain baineann, agus uan atá dhá mhí d’aois.’ Is deise an tslí dheireanach san féin ná an tslí roimis sin.

Tá an dá shaghas Gaelainne seo ceart:—

1.Táim ag treabhadh na páirce.
2.Tá an pháirc agam á threabhadh.

Leanaid na ráite fada uimhir a dó. Féadann an rá geárr aon cheann acu do leanúint. Is é mo thaithíse (my experience) nách féidir rá fada do chumadh ar aon tslacht, má leantar uimhir a haon.

Déarfaid daoine leat go bhfuil cleas éigin agamsa (some happy knack) ar mo chuid Gaelainne do chur síos ar an gcuma is réidhe ’na rithfeadh sí. Tá, gan amhras, an cleas san agam, agus ní cleas ródheocair é. I rogha bhaint as rudaí de shaghas an dá rud san thuas atá an chuid is mó den chleas. Nithe beaga den tsaghas céanna is ea an chuid eile den chleas, leis. Déarfaid daoine leat—dúradar liom féin é—nách Gaelainn cheart, ‘tá an pháirc agam á threabhadh’; gur ceart ‘tá an pháirc agam á treabhadh’ do rá, toisc ‘páirc’ a bheith baineann. Abair leó go bhfuil breall orthu! Tá breall riamh ar an muíntir a bhíonn ag cur dlíthe na Laidine i bhfeidhm ar an nGaelainn. Sin í an obair a chuir amú riamh iad, agus atá dhá gcur amú anois, leis.

Bhí Peadar Ó hAnnracháin anso lá, agus chuir sé an cheist chúm:—

“An Gaelainn cheart—‘Tá an pháirc agam á threabhadh’?”

“Is Gaelainn cheart,” arsa mise.

“Agus cad mar gheall ar an bhfocal ‘páirc’ a bheith baineann?” ar seisean.

“Is cuma fireann nú baineann é,” arsa mise, “an fhaidh atá ‘agam’ idir é agus an ‘treabhadh.’”

“Is ait an scéal é sin,” ar seisean. “Chuireas an cheist chun m’athar,” ar seisean. “D’fhiafraíos de cad í an Ghaelainn a chuirfeadh sé ar ‘when I was killing the cow!’” “Nuair a bhí an bhó agam á mharú,” ar seisean. “Nár chóir,” arsa mise leis, “gur chirte a rá, ‘nuair a bhí an bhó agam á marú,’ toisc ‘bó’ a bheith baineann?” Do stad sé ar feadh tamaill. “Is dócha go bhfuil an ceart agat,” ar seisean. “Ní raibh an ceart agat,” arsa mise le Peadar. “Bhí an ceart agat athair, ach ní raibh sé ábalta ar an gceart do chur i bhfeidhm id choinnibhse, agus do scaoil sé leat.”

Anois, a Athair Gearóid, ná leogse do dhaoinibh an éagóir do chur i bhfeidhm ort. Abair ‘tá an pháirc agam á threabhadh,’ agus má deir éinne go bhfuil an éagóir agat, abair leis go bhfuil breall air. Nú abair leis, mar aduartsa le duine acu uair—‘Those things is’ is good Greek, and ‘those things are’ is wretchedly bad Greek. Why don’t you go and correct the Greek? Because you dare not! But you think you are at liberty to do what you like when dealing with Irish! D’fhágas ansan é.

Do chara go buan,

Peadar Ua Laoghaire.

7 thoughts on “tá bó agam á mharú

  1. leagan cainte an lae – “abair leis go bhfuil breall air. ” LOL.
    Ach é sin ráite – an bhfuil fáth ann nach gcuireann tú an séimhiú leis sa chás seo?

  2. I’ve corrected “iad a cur” to “iad a chur”. Just a typo.

    Yes – “tá an bhó á marú agam” where “agam” comes after, but “agam á mharú”. PUL was insistent on that but that is not to say that speakers of all dialects would agree on this point.

  3. Shane the reason is just that that is Irish usage, as PUL makes clear from his reference to Greek… Things don’t have to be logical in languages.

  4. Hi David
    This looks like a grammatical flaw but it could be a simplification of the language – I’ve come across séimhiú in these cases when referring to plurals here in Cape Clear though I can’t think of any examples to quote. Maybe you’ll come across more examples of this – I’ll send them if I find any myself

    Dorothee

  5. Thank you Dorothee. I am trying to transcribe any letters by PUL that I can find. Tá súil agam go raibh Cáisc mhaith agaibh!

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s