Peadar Ua Laoghaire’s New Year’s Day sermon

[Taken from PUL’s Seanmóin is Trí Fichid.]

LÁ CAILLE.

Léitear an Soiscéal (Lúcás 2.)

A phobal Dé,

Bhí Ábraham ag dul sa chéadú bliain dá aois agus bhí a bhean, Sarai, deich mbliana agus cheithre fichid. Nuair a bhíodar araon san aois sin do labhair Dia le hÁbraham agus d’ordaigh sé dhó timpalghearradh do dhéanamh air féin agus ar gach duine fireann a bhí ar a theaghlach; agus san do bheith mar dhlí ag a shliocht go deo, is é sin go gcaithfí timpalghearradh do dhéanamh ar gach leanbh fireann a thiocfadh ar an saol ar shliocht Ábrahaim. Ansan do thug Dia le tuiscint dó go raibh margadh aige á dhéanamh leis féin agus lena shliocht, agus gurbh é an timpalghearradh comhartha, nó séala, an mhargaidh sin. B’é nádúr an mhargaidh sin go gcaithfeadh sliocht Ábrahaim bheith gearrtha amach ó dhroch-chleachtaibh an tsaoil, ósna peacaí troma a bhí ag na Gintibh á dhéanamh, agus ansan gur ar an sliocht san a thiocfadh Slánaitheoir an domhain ar an saol. Dhein Ábraham láithreach an rud a dh’ordaigh Dia dhó. Dhein sé an timpalghearradh, a lá céanna, air féin agus ar gach duine fireann a bhí ar a theaghlach. Do lean an dlí sin as san anuas, agus nuair a tháinig ár Slánaitheoir, moladh go deo leis, b’é a thoil naofa dul fén ndlí sin, díreach mar a bhí ceangailte ar gach duine fireann den phobal Eabhra ó aimsir Ábrahaim anuas.

Ní raibh, ní nách ionadh, aon ghá ag an Slánaitheoir leis an dtimpalghearradh, ach taispeánaid na haithreacha naofa gur mó cúis a bhí aige le luí fén ndlí. Dhein sé é chun urrama do thaispeáint don dlí. Dhein sé é chun a thaispeáint dúinne nách foláir dúinn umhlú do dhlí Dé agus do dhlí na hEaglaise. Dhein sé é i dtreo nárbh fhéidir dos na Iúdaigh a chasadh in asachán leis ina dhiaidh san, mar ba ghnáth leo a chasadh leis na Ginteachaibh, gur dhuine gan timpalghearradh é. Níorbh fhéidir, dar leo, tarcaisne ba mhó a thabhairt do dhuine ná a rá gur dhuine gan timpalghearradh é. Nuair a bhí na Iúdaigh ag diúltú don tSlánaitheoir ina dhiaidh san, agus ag tabhairt an uile shord masla dhó, is tapaidh a thabharfaidís an méid sin masla dhó, leis, dá bhfágtaí ar a gcumas é.

Ina dhiaidh san, nuair a bhí an Slánaitheoir tar éis dul suas ar neamh, ar deasláimh Dé, d’eirigh plé idir na Iúdaigh a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh agus na Ginteacha a bhí ag glacadh an chreidimh. Na Iúdaigh á rádh gur cheart timpalghearradh do dhéanamh ar na Ginteachaibh sin agus na Ginteacha ag cur ina choinnibh. Chuaigh na hAspail agus na heaspaig agus na seanóirí i gcomhairle agus do socraíodh ná raibh ceangailte ar na Ginteachaibh an timpalghearradh do ghlacadh. As san amach do chuaigh an timpalghearradh as taithí.

Ach féach, a phobal. Tá timpalghearradh agus timpalghearradh ann, timpalghearradh a bhain leis an gcolainn agus timpalghearradh a bhaineann leis an aigne. Sin é ball díreach inar dhein na Iúdaigh an dearúd mór. Ní raibh aon bhrí in aon chor leis an dtimpalghearradh a bhain leis an gcolainn ach sa mhéid inar chiallaigh sé an timpalghearradh a bhaineann leis an aigne. Bhí na Iúdaigh an-aireach, ana-chruinn, ana-choinsiasach, dar leo, i dtaobh na dlí, agus ar aon tsaghas cleas ná réasún ní lamhálfaidís faillí sa timpalghearradh a bhain leis an gcolainn, ach i dtaobh na haigne, níor dheineadar aon timpalghearradh ar an aigne. Níor dheineadar aon ghearradh amach orthu féin ósna peacaí. Ní headh, ach do thugadar iad féin do gach aon tsaghas peacadh agus do gach aon tsaghas drochiompair níos léire agus níos fonnmhaire ná mar a dhein na Ginte féin. Do chomhlíonadar leitir na dlí ach do ghabhadar de chosaibh i mbrí agus i spioraid na dlí. Rud gan tairbhe ab ea an focal nuair a bhí an brí agus an substaint imithe as.

Ach tuigimís an méid seo, a phobal. Bíodh gur leog na Iúdaigh uathu an brí agus nár choimeádadar ach an focal, bíodh gur leogadar uathu an substaint agus nár choimeádadar ach an colg, ní fhágann san gur chuaigh an brí ná an substaint amú. Tá sé chomh ceangailte anois agus a bhí sé riamh, ar an nduine, ar an uile dhuine gur thug Dia ciall agus réasún dó, gach fonn peacúil do ghearradh amach óna aigne agus óna chroí, agus iad do choimeád gearrtha amach. Níl ceangailte ar éinne timpalghearradh do dhéanamh ar a cholainn, ach tá ceangailte ar gach éinne an timpalghearradh eile úd a dhéanamh air féin, is é sin timpalghearradh na haigne. Chuige sin is ea a chuireann an Eaglais an Soiscéal so os comhair Chríostaithe an domhain inniu. Chuige sin is ea is mian leis an Eaglais go dtabharfadh Críostaithe an domhain onóir inniu don ghníomh a dhein an Slánaitheoir nuair a ghlac sé an timpalghearradh ar a cholainn, agus go ndéanfaidís brí agus éifeacht agus substaint do chur san onóir sin le timpalghearradh dáiríribh a dhéanamh ar a gcroí agus ar a n-aigne féin, á ngearradh féin amach, glan, ó dhrochsmaointibh agus ó dhrochghníomharthaibh, agus ó dhroch-chómhrá; ó gach aon tsaghas ruda a chuirfeadh fearg ar Dhia.

Cuireann an Eaglais os ár gcomhair, leis, an rud a dhein na haoirí bochta nuair a labhair an t-aingeal leo. “Gheobhaidh sibh,” arsan t-aingeal, “an Leanbh agus é fillte in éadach, ina luí i mainséar.” Ní dúradar na haoirí mar a déarfadh cuid againne, b’fhéidir, dá mbeimís ina n-áit: “Cad é mar shaghas áite do Shlánaitheoir an domhain a bheith ina luí i mainséar! Ní dhealraíonn an chaint sin go bhfuil ciall léi.” Ní dúradar; ach dúradar láithreach: “Téanam go Betlehem go bhfeiceam an rud so do tharla agus gur fhoilsigh an Tiarna dhúinn é.” Chomh luath agus a tugadh an tuairisc dóibh d’éisteadar leis. Chomh luath agus do hinseadh dóibh cá bhfaighidís an Slánaitheoir do ghluaiseadar chun na háite. Daoine bochta b’ea iad. Ní raibh puinn de shaibhreas an tsaoil seo chun teacht idir iad agus Dia. Dá mbeadh ní hag triall orthu a thiocfadh an t-aingeal. Bhí a gcroí agus a n-aigne gearrtha amach ó shaibhreas an tsaoil agus ó gach aimhleas anama do leanann saibhreas an tsaoil. Do ghluaiseadar chomh luath agus do fuaradar an focal. Thánadar go Betlehem. Chonacadar an stábla, an phluais i gcliathán na carraige. Ba shuarach an radharc le feiscint é, agus ba chradhscalach, agus ba dhealbh. Níor iompaíodar le seirfean ón radharc. Do chreideadar an focal aduairt an t-aingeal leo. D’aithníodar an comhartha a tugadh dóibh agus do ghlacadar é. D’umhlaíodar iad féin do Shlánaitheoir an domhain agus d’adhradar é. Bhí a fhios acu agus do chreideadar gurbh é Mac Dé an Leanbh san, dá laige agus dá dhreoile a dh’fhéach sé an uair sin, agus dá shuaraí le rá an córú a bhí air féin agus ar a raibh ina thimpal. Ansan d’inseadar don Mhaighdin Mhuire agus do Naomh Iósaf an radharc a taispeánadh dóibh féin, conas mar a tháinig na haingil agus cad dúradar, agus conas mar a bhí rompu ansan i mBetlehem gach ní díreach mar adúradh leo.

Ansan, a phobal, tagann focal eile orainn sa tSoiscéal san, agus measaim ná fuil aon Chríostaí a thabarfaidh fé ndeara é ná cuirfear ag machnamh. Seo mar adéir an Soiscéal: “Do choimeád Muire na nithe sin go léir agus í á mbreithniú ina croí.” Cad ina thaobh gur cuireadh síos an chaint sin dúinn? Cad é an brí atá leis an gcaint sin? Cad é an breithniú a bhí ag an Maighdin Muire le déanamh ar na nithibh sin? Ná raibh a fhios aici cheana cad é an brí a bhí leis na nithibh go léir, agus cad ba ghá dhi a thuilleadh breithniú a dhéanamh orthu?

Gan amhras do thuig an Mhaighdean Mhuire, go soiléir agus so solasmhar agus go cruinn, an gnó a bhí ag an Slánaitheoir le déanamh ar an saol. Do thuig sí an léirscrios a dhein peacadh an tsinsir ar an gcine daonna. Do thuig sí an díol fiach uafásach nárbh fholáir a dhéanamh, thar cheann na cine daonna, mar gheall ar an bpeacadh san. Do thuig sí gurbh é an Leanbh san a bhí ansúd sa mhainséar aici do dhéanfadh an díol fiach uafásach san thar cheann na cine daonna. Chun san a chur i dtuiscint di ní raibh aon ghá le caint na n-aoirí, ná le haon tuairisc ar an radharc aingeal a taispeánadh dóibh, ná ar na comharthaí a tugadh dóibh. Do thuig sí féin an scéal go léir níos fearr go mór ná mar a thuigeadarsan é tar éis an radhairc a tugadh dóibh. Cad é an gá a bhí aici, mar sin, le bheith ag breithniú an scéil?

Breithnímís féin an scéal ar dtúis, a phobal, agus ansan b’fhéidir do dtuigfimís níos fearr é. Nách minic a thiteann amach dúinn féin, an rud is fearr a thuigimíd gurb air is déine agus is géire a dheinimíd machnamh? Do thuig an Mhaighdean Mhuire gach ní dár thit amach an oíche sin, níos fearr go mór ná mar a thuig aon duine eile iad, an uair sin ná riamh ó shin. Sin é díreach an chúis gur choimeád sí ina croí iad agus gur dhein sí breithniú orthu nár fhéad aon duine eile beo a dhéanamh orthu, an oíche sin ná riamh ó shin. Chuir Dia na glóire in aigne na Maighdine Muire, i dtaobh na hoibre a bhí ag an Slánaitheoir le déanamh i bhfuascailt na cine daonna, solas agus tuiscint nár cuireadh riamh a leithéid in aigne aon daonnaí eile. Chonaic sí, i dtaobh an stábla, agus i dtaobh an anróidh, agus i dtaobh an radhairc a taispeánadh dos na haoiríbh, doimhneas brí ná feacaigh aon duine eile an uair sin, lasmuigh den tSlánaitheoir, ach í féin. Sin é cúis, a phobal, gur choimeád sí ina croí iad agus go raibh sí á mbreithniú. Agus i dtreo go mbeadh fios an méid sin againne is ea dh’inseann an Eaglais dúinn sa tSoiscéal san conas mar a choimeád sí ina croí iad agus í ag breithniú orthu.

Ach tá bun eile, mar an gcéanna, ag an Eaglais le hé a dh’insint dúinn sa tSoiscéal. Is maith leis an Eaglais a chur ar ár súilibh dúinne gur ceart dúinn, chomh fada agus is féidir é, aithris a dhéanamh ar an Maighdin Muire sa bhreithniú. Choimeád sí na nithe sin go léir agus bhí sí á mbreithniú ina croí. Is maith leis an Eaglais go ndéanfaimísne na nithe sin go léir do choimeád in ár n-aigne agus bheith á mbreithniú in ár gcroí. Ní haon iomad mór cainte atá sa tSoiscéal san, ach tá oiread abhair machnaimh ann agus a choimeádfadh duine ag breithniú ar feadh mórán aimsire agus gan deireadh a bheith leis an mbreithniú. D’fhéadfadh duine cuimhneamh ar dtúis ar anacra agus ar fhuacht agus ar neamhchompord na pluaise sin, ar laige an Linbh agus ar dhealús a mhuintire, ar an gcruatan a bhí aige le fulang chomh luath agus a tháinig sé ar an saol. Ansan d’fhéadfadh duine cuimhneamh ar cérbh é an Leanbh san; gurbh é Mac Dé féin é; go raibh comhacht Dé go hiomlán aige; ná raibh ach neamhní ina raibh de chomhachtaibh saolta riamh ag ríthibh agus ag impiríbh an domhain seachas comhacht an LINBH sin agus é ina luí sa mhainséar san fillte san éadach san. Ansan d’fhéadfadh duine a dh’fhiafraí dhe féin cad é an brí, nó cad é an bun, a bhí ag ár Slánaitheoir le teacht ar an saol so chomh dealbh, chomh suarach cóir, chomh gearrtha amach ón saibhreas saolta so ina mbíonn oiread san dúil ag daoine ann. Cad é an brí ná an bun a fhéadfadh a bheith aige leis ach, ar dtúis, gur mian leis tosnú láithreach ar na pianta a dh’fhulang chun sinne a dh’fhuascailt, agus ansan, gur mian leis a chur ina luí go daingean ar ár n-aigne gur saibhreas bréagach saibhreas an tsaoil seo, gur comhachta bréagacha comhachta an tsaoil seo, gur Críostaí gan chiall an Críostaí do leogfadh do shaibhreas an tsaoil seo ná do shólás an tsaoil seo, ná do chomhacht ná do chreidiúint an tsaoil seo teacht idir é agus Dia.

Chun go ndéanfaimís machnamh den tsord san, a Chríostaithe, ar theacht ár Slánaitheora ar an saol so, agus ar an gcuma inar tháinig sé, agus ar na nithe do thit amach le linn é a theacht, is ea a chuireann an Eaglais os ár gcomhair an Soiscéal san atá léite agam daoibh. Mura ndeinimíd an machnamh san, de réir intinne na hEaglaise, is baol ná beidh toradh na hoibre againn a dhein ár Slánaitheoir. Is bocht an scéal é, a Chríostaithe, má théann obair ár Slanaitheora in aistear uainn. Gan amhras sin aon ní amháin desna nithibh ar a raibh an Mhaighdean Mhuire ag cuimhneamh an chéad oíche Nollag úd. Bhí sí á chuimhneamh, tar éis an anacra agus na bpionós agus na bpianta go léir a bhí ag an Slánaitheoir le fulang, go mbeadh an fulang in aistear dá lán daoine. Iarraimís inniu ar an Maighdin Muire a guí do chur chun a hAonmhic ar ár son, agus é a chur go comhachtach chuige, i dtreo ná beadh sé de mhí-ádh orainn an oidhreacht a cheannaigh sé chomh daor dúinn do chailliúint trínár neamhshuim féin. Go saoraidh Dia na glóire sinn ar a leithéid sin de mhífhoirtiún. Aimin, a Thiarna.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s