Maitiú 14

CAIBIDIOL 14.

Eóin baiste d’á chur chun báis ag Héród. Bia d’á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine sa bhfásach. É ag siubhal ar an bhfaraige, agus an uile shaghas lucht galair d’á leigheas aige, gan ach iad do bhaint le n-a chuid éadaigh.

Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa. Agus dubhairt sé le n-a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d’eirigh sé órna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d’á ndéanamh tríd.
Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Héródias, bean a dhrithár. Mar dubhairt Eóin leis: Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat. Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste. Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Héródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród. Mar gheall air sin do dhearbhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d’iarrfadh sí air. Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é thabhairt di. Agus chuir sé daoine uaidh agus bhain sé an ceann d’Eóin sa phríosún. Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n cailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é. Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d’adhlacadar é; agus thánadar agus d’innseadar é d’Íosa.
Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na catharachaibh.
Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha. Agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh féin. Agus dubhairt Íosa leó: Ní gádh dhóibh imtheacht; Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus d’fhreagradar é: Ní’l anso againn ach chúig bhulóga agus dhá iasg. Agus dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san. Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad; Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste. Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.
Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. Agus chuir sé uaidh na daoine, agus d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar. Ach bhí an long bheag i lár na faraige d’á cáible ag na tonnaibh, mar bhí an ghaoth ’n-a coinnibh. Agus sa cheathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé g triall ortha agus é ag siúbhal ar an bhfaraige. Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra. Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh. Agus d’fhreagair Peadar: A Thighearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bárr uisge, ag teacht chun Íosa. Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé. Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort? Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth. Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tu Mac Dé go fíor.
Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret. Agus nuair a dh’aithin muintir na h-áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte; Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s