Maitiú 6

CAIBIDIOL 6.

An tseanmóin ar an gcnuc ar leanmhaint.

Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontachtsa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais. D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat’ láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas. Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh, óir is dóigh leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó. D’á bhrígh sin ná bídhidh-se mar iad; óir is eól d’bhur n-Athair an nídh is gádh dhaoibh sar a ndeineann sibh guidhe chuige. Seo, d’á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:

Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim. Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. Ár n-arán ró-shubstainteamhail tabhair dúinn indiu. Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh. Agus ná leig sinn i gcathaíbh; ach saor sinn ó olc. Amen.

Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí. Ach mura maithfidh sibh-se a bpeacaí do dhaoine, ní mhaithfidh bhúr n-Athair neamhdha daoibh-se bhúr bpeacaí.

Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Ach tusa, nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t’aghaidh, i dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. Ná cúmhdaighidh stór daoibh fein ar an dtalamh so, mar a ndeinid na leómhain agus an mheirg é dh’ídiú, agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghuid. Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an áit ná deinid na leómhain é dh’ídiú agus ná deinid bitheamhnaigh é thóch ná é dh’fhuadach. Óir, an áit ’n-a bhfuil do stór is ann atá do chroidhe leis. Isí do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir go solusmhar. Ach má bhíonn do shúil go h-olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin? Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.

D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp; féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach? Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’na iad san? Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a aoirde? Agus cad chuige go mbíonn buaireamh i dtaobh éadaigh oraibh? Breithnighidh bláthana an bháin, conus mar fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh. Deirim libh, ámhthach, ná raibh Salomón féin i n-a ghradam go léir clúdaithe mar cheann acu san. Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh? Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ólfaimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn? Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithib sin go léir. Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir. Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrígh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú. Bookmark the permalink.

One Response to Maitiú 6

  1. Eain says:

    Обожаю слушать ирландский в исполнении Д. Шона О”Суливаня. Чистое, без акцента, с ирландским духом. Южное произношение самое лучшее.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s